Tá roinnt beartas ceadaithe faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge le dhá bhliain anuas chun tacaíocht bhreise a chur ar fáil do theaghlaigh a chuireann lóistín ar fáil do lucht freastal na gColáistí Gaeilge agus do theaghlaigh nua atá ag teacht isteach sa chóras. San áireamh anseo:
• Tháinig ardú 20% ar an bhfordheontas laethúil ó €10 go €12.
• Tháing ardú ar an bhfordheontas a íoctar le lucht brúnna agus coláistí cónaithe ó €5 go €7;
• Tháining ardú ar an bhfordheontas a chuirtear ar fáil do na teaghlaigh a chuireann lóistín ar fáil do lucht ERASMUS Gaeltachta ó €17 go €21; agus
• Tháinig ardú ar fordheontas a chuirtear ar fáil do lucht lóistín na scéime ÁRAINN Gaeltachta ó €27 go €33.
Chun breis cúnaimh a thabhairt don earnáil, ardaíodh an t-uaslíon scoláirí gur féidir le teaghlaigh atá aitheanta faoin scéim a thógáil ó 12 go 16 - rud a chiallaíonn go mbeidh deis ag teaghlaigh ioncam breise a shaothrú dá bharr.
Anuas ar na ardaithe ar an bhfordheontas, ardaíodh ó €2,000 go dtí €6,000 an deontas tosaithe aon uaire do theaghlaigh nua a chláraíonn faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge agus do theaghlach atá ag iarraidh teacht ar ais sa chóras tar éis dóibh a bheith imithe as an scéim le cúig bliana nó níos mó. Clúdaíonn an deontas seo costais a bhaineann le measúnú sábháilteacht dóiteáin, mar aon le costais a bhaineann le hábhair ar leith bainteach le lóistín a chur ar fáil.
Go deimhin bíonn mo Roinn i gcónaí ag faire amach ar aon deis chun tuilleadh fós a dhéanamh ar leas earnáil na gcoláistí Gaeilge.