Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Comhchoiste um Iompar chun teacht le chéile le plé a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre & ar leith uaidh sin le saincheisteanna a bhaineann le Tástálaithe Tiomána a phlé

24 Aib 2024, 11:52

 Tiocfaidh an Comhchoiste um Iompar agus Cumarsáid le chéile amárach, Dé Céadaoin an 23 Aibreán 2024 ar 1:30pm le plé a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre le hionadaithe ón Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre agus ar leith uaidh sin le saincheisteanna a fhearann ar Thástálaithe Tiomána a phlé le hionadaithe ón gCeardchumann FÓRSA i Seomra Coiste 2 de Theach Laighean.

Seisiún  1. 1:30pm – 3:30pm

  • Ionadaithe ón Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre

 

Seisiún 2. 3:30pm – 4:30pm

  • Ionadaithe ón gCeardchumann FÓRSA

 

Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt Leas-Chathaoirleach an Choiste, an Seanadóir Gearóid Ó Horcáin: “Amárach leanfaidh an Coiste lena phlé ar na saincheisteanna násiúnta atá fós ann agus a fhearann ar ár mbóithre agus ar úsáideoirí bóithre. Leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, iarrfaimid an oiread sonraí is féidir maidir le cén fáth a tharlaíonn tionóiscí bóthair i gcónaí ar mhinicíocht mhéadaithe agus cén áit ar féidir dul chun cinn a dhéanamh maidir le haghaidh a thabhairt ar na tionóiscí seo agus ar bhásanna aimseacha d’fhonn deireadh a chur leis na tragóidí a tharlaíonn i gcónaí ar ár mbóithre náisiúnta.

Tapóidh ár gCoiste an deis chun béim a chur athuair ar ár dteachtaireacht gur réimse ríthábhachtach é an forfheidhmiú ar gá é a neartú, chomh maith le hoideachas a thabhairt do thiománaithe agus teicneolaíocht a úsáid chun an líon básanna agus gortuithe ar bhóithre a laghdú.

Táimid ag tnúth freisin lenár bplé le FÓRSA chun a chuid tuairimí a fháil ar shaincheisteanna a fhearann ar Thástálaithe Tiomána agus cad iad na pleananna agus straitéisí a mholfaidís dár gCoiste chun gur féidir linn peirspíochtaí atá bunaithe ar thaithí pearsanta ar na dúshláin ar ár mbóithre a thabhairt chuig an Roinn.”

Is féidir breathnú ar an gcruinniú i Seomra Coiste 4 beo ar Oireachtas TV.

14 Chomhaltaí atá ar an gComhchoiste um Iompar agus Cumarsáid, naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Stephen Higgins

Tithe an Oireachtais,

Oifigeach Cumarsáide,

Teach Laighean, 

Baile Átha Cliath 2

+353 (0) 1 618 4743

+353 (0) 85 801 3096

stephen.higgins@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie

Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn