Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde

Soláthraímid seirbhísí faisnéise agus taighde do Chomhaltaí den Oireachtas. Is é ár misean cur le Parlaimint bhreá eolasach.

Cuireann an leabharlann pharlaiminteach seirbhísí faisnéise ar fáil, agus bainistíonn sí bailiúchán d'ábhair chomhaimseartha agus stairiúla ar mhaithe le freastal ar riachtanais ár n-úsáideoirí. Cuireann an tseirbhís taighde pharlaiminteach seisiúin eolais taighde neamhchlaonta ar fáil chun tacú le hobair na dTithe, na gcoistí agus na gComhaltaí aonair.

Cúrsaí Taighde

Bills Digest | Protected Disclosures (Amendment) Bill

The purpose of this Bill is to transpose a European directive and also provide for a number of amendments to existing protected disclosures law, including the establishment of an office of the protected disclosures commissioner in the Office of the Ombudsman.

Cúrsaí Taighde

L&RS Note | Addressing abuse and harassment in political life

This note, produced on foot of a request from the Task Force on Safe Participation in Political Life, provides an overview of measures to address harassment, abuse, and intimidation in international literature. The not also considers policies to address abuse in political life from other jurisdictions, and measures to address other forms of abuse and violence from Ireland.

Taighde agus anailís

Cuirimid sraith foilseacháin taighde ar fáil do Chomhaltaí ar phríomhcheisteanna. Áirítear orthu seo Táscairí Comhshaoil míosúla, eagráin Spotlight, Achoimrí ar Bhillí agus Nótaí SLaT.

Doiciméid Leagtha

Bainistímid an bailiúchán de dhoiciméid agus de dhoiciméid arna leagan go foirmiúil roimh Thithe an Oireachtais. Féadfaidh gníomhaireachtaí agus Ranna Rialtais doiciméid a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais trínár bhfeidhmchlár ar líne le haghaidh Doiciméad Leagtha.

Catalóg

Síneann ár mbailiúcháin ón 16ú haois go dtí an lá atá inniu ann. Cuardaigh ár gcatalóg ar líne chun teacht ar ár mbailiúchán de Dhoiciméid Leagtha agus ár mbailiúchán stairiúil.

Sonraí dáilcheantair

Déan iniúchadh ar na sonraí maidir le do dháilcheantar trínár gCláir Eolais Dáilcheantair. Chun léargas tapa a fháil, íoslódáil ár ndoiciméid próifíle dáilcheantair ar leith.

Bibleagrafaíocht na Parlaiminte

I mBibleagrafaíocht na Parlaiminte in Éirinn dár gcuid, liostaítear saothair a bhaineann leis an bparlaimint in Éirinn ó bunaíodh Dáil Éireann in 1919. Is féidir leat an bhibleagrafaíocht a úsáid chun tagairtí a chruthú chuig foinsí mar leabhair, ailt irise, leathanaigh ghréasáin agus páipéir chomhdhála.

Le haghaidh Taighdeoirí

Ar mhaith leat eolas a bheith agat faoin gcaoi lenár mbailiúcháin agus seirbhísí a úsáid i gcomhair do thionscadail taighde? An bhfuil spéis agat i sparánachtaí agus i gcomhaltachtaí? Foghlaim tuilleadh ar ár leathanach tiomnaithe do thaighdeoirí.

Doiciméid stairiúla

Taispeántas digiteach

Doiciméid stairiúla

Tá bailiúchán d’ábhar stairiúil againn ag dul siar go dtí an 16ú haois. Féadfaidh tú an bailiúchán tábhachtach seo a fhiosrú trínár dtaispeántais dhigiteacha a bhrabhsáil nó trínár gcatalóg ar líne a chuardach.

Taiscí Leabharlann an Oireachtais

Taispeántas digiteach

Taiscí Leabharlann an Oireachtais

Thugamar cuireadh d’aoichoimeádaithe féachaint ar na seoda sa bhailiúchán sin againne agus na cinn is fearr leo a roghnú, chun ceiliúradh a dhéanamh ar chomóradh céad bliain bhunú na Chéad Dála. Brabhsáil ár ngailearaithe íomhánna, físeán agus téacs chun tuilleadh a fhoghlaim faoinár mBailiúcháin Speisialta agus cuardaigh catalóg ár leabharlainne go bhfeice tú a bhfuil ann!

Scannán beoite

Stair na Seirbhíse Leabharlainne agus Taighde

Féach ar an scannán gearr beoite seo ina n-insítear scéal Sheirbhís Leabharlainne agus Taighde an Oireachtais ó 1922 go dtí an lá atá inniu ann.

Amharc ar an bhfíseán

Téigh i dteagmháil leis an tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde

An tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde
Teach Laighean
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
D02 XR20

An Lárdheasc Fiosruithe

library.and.research@oireachtas.ie

Barr
Roinn