Achoimre
The Joint Committee on Social Protection, Community and Rural Development and the Islands invites written pre-Budget submissions from interested groups or individuals.
Dáta deiridh
The closing date for receipt of submissions is 5 p.m. on Friday, 31 May 2024.
Cur síos ar an gcomhairliúchán
The submissions received will feed into the budgetary processes of both the Department of Social Protection and the Department of Rural and Community Development.
The Committee will consider any suitable written submissions received and may decide to invite a number of contributors to public hearings, should it be considered necessary.
Déan teagmháil le
Clerk to the Committee
Caoimhe O’Rourke
+353 (0)1 618 4281
Treoirnóta:
Más spéis leat freagairt do ghairm ar aighneachtaí, tá sé tábhachtach go léifeá ár
leathanach treorach.
Príobháideachas
Sula ndéanfaidh tú d’aighneacht, léigh ár ráiteas príobháideachais le do thoil.
- Conas d'aighneacht a chur isteach
-
Seol doiciméad leictreonach (PDF inchuardaithe nó a chomhionann) i ríomhphost chuig cléireach an Choiste. Is féidir aighneachtaí i bhformáidí eile (físeán, mar shampla) a chur isteach faoi réir cumarsáide le Cléireach an Choiste agus ag treoir bhreise uaidh.
Ar mhaithe le mearbhall agus dúbláil a sheachaint, iarrtar ort gan cóipeanna crua de d'aighneacht a sheoladh isteach.
Ná cuir d'aighneacht chuig comhaltaí coiste ar leith. Déanfaidh an Cléireach cinnte de go bhfaighidh na comhaltaí uile cóip de gach aighneacht.
- A bhfuil le cur san áireamh i d'aighneacht
-
Ba chóir go gcuimseodh d’aighneacht an doiciméad aighneachta mar aon le litir chumhdaigh faoi leith. Cuirfidh sé sin ar chumas an Choiste d'aighneacht a fhoilsiú gan do shonraí teagmhála. Is féidir aighneachtaí i bhformáidí eile (físeán, mar shampla) a chur isteach faoi réir cumarsáide le Cléireach an Choiste agus ag treoir bhreise uaidh.
Bíodh an méid seo a leanas san áireamh sa litir chumhdaigh:
- d'ainm, do sheoladh ríomhphoist agus d'uimhir ghutháin theagmhála
- má tá an aighneacht á déanamh ar son eagraíochta, an post atá agat san eagraíocht sin
- achoimre ghairid ar an bhfáth a bhfuil an aighneacht á déanamh agat
- cuir in iúl cé acu atá tú sásta a bheith i láthair i seisiún poiblí ag cruinniú coiste nó nach bhfuil
Bíodh an méid seo a leanas sa doiciméad aighneachta:
- réamhrá gairid, mar shampla, míniú ar do réimse saineolais
- aon fhaisnéis fhíorasach atá agat óna bhféadfadh an coiste teacht ar chonclúidí, nó a d'fhéadfaí a chur chuig páirtithe eile lena dtuairimí siúd a fháil
- naisc chuig aon fhoilseacháin a dtagraíonn tú dóibh; ní gá foilseacháin den sórt sin a sheoladh mar cheangaltáin
- aon mholtaí don choiste; bí chomh sonrach agus is féidir agus déan achoimre ar do chuid moltaí ag deireadh an doiciméid
- más faide do dhoiciméad ná deich leathanach ar fad, achoimre feidhmiúcháin ar na príomhphointí a rinneadh san aighneacht
- ná déan dearmad uimhreacha a chur ar na leathanaigh.
- Leideanna maidir le d'aighneacht a scríobh
-
Coinnigh d'aighneacht gonta agus ábhartha. Ná cuir san áireamh aon ábhar neamhriachtanach ná iomarcach nach mbaineann go díreach leis an topaic.
Má dhéanann tú tagairt d’fhoilseacháin eile, tabhair naisc chuig na foilseacháin sin. Ní gá iad a sheoladh mar cheangaltáin.
Ná déan dearmad uimhreacha a chur ar na leathanaigh.
Más mian leat treoir níos mionsonraithe a fháil maidir le d'aighneacht a scríobh, téigh i dteagmháil leis an gCléireach don Choiste, le do thoil.
Tá próiseas poiblí i gceist le haighneacht a dhéanamh
Níl sé de dhualgas ar an gCoiste glacadh le d’aighneacht, agus níl sé de dhualgas air aon chuid den aighneacht, nó an aighneacht go léir, a fhoilsiú má ghlactar léi. Tá próiseas poiblí i gceist le hoibríochtaí parlaiminte, áfach, agus ba chóir go mbeadh a fhios agat go bhféadfar aighneachtaí ar bith a dhéantar chuig Coiste, ina bhfuil d'aitheantas san áireamh, a fhoilsiú mar chuid de thuarascáil ón gCoiste, nó ar leithligh, má chinneann an Coiste é sin a dhéanamh.